Higher Executive Officer
(Applications are Now Closed)
The Organisation
The Irish Human Rights and Equality Commission (IHREC) is Ireland’s national human rights and equality institution. It was established in November 2014 under the Irish Human Rights and Equality Commission Act 2014 with a statutory mandate to:
- Protect and promote human rights and equality.
- Encourage the development of a culture of respect for human rights, equality, and intercultural understanding in the State.
- Promote understanding and awareness of the importance of human rights and equality in the State.
- Encourage good practice in intercultural relations, promote tolerance and acceptance of diversity in the State and respect for the freedom and dignity of each person, and,
- Work towards the elimination of human rights abuses, discrimination and prohibited conduct.
IHREC is seeking a suitably qualified and committed individual to take up the role of Higher Executive Officer (HEO) who will work as a Legal Officer under the direction of an Assistant Principal.
The candidate working in the Legal Team will be responsible for the management of a caseload arising, including casework relating to private clients in receipt of legal assistance under section 40 of the Irish Human Rights and Equality Commission Act 2014 (the ‘IHREC Act’). In addition, the candidate will have a litigation and enforcement brief on behalf of the Commission, which can include, for example, amicus curiae, equality reviews and action plans, and advisory work etc.
The candidate will support the provision of general information on human rights and equality law and will be part of a multi-disciplinary team assigned to this work and may have administrative support staff reporting to him/her.
HEOs working as Legal Officers may be assigned to other teams as appropriate.
Key Responsibilities:
- Assessment of applications to the Commission for legal assistance;
- Provision of information on equality and human rights enactments to individuals, as required;
- Support to the senior solicitors in the Commission;
- Efficient and timely running of a litigation case load on behalf of the Commission, as assigned, including amicus curiae;
- Legally representing clients, who are in receipt of legal assistance pursuant to section 40 of the IHREC Act, before the Workplace Relations Commission (‘WRC’), Labour, District, Circuit Court and Superior Courts, as required;
- Briefing Counsel as appropriate;
- Assisting in policy paper preparation, including analysis and observations on the legislative proposals of Government, as required;
- Undertaking work relating to the Commission’s compliance and enforcement functions – including Equality Reviews and Action Plans, the Public Sector Duty, Inquiries – as well as through representing the Commission in the WRC/Labour Court and the courts, as required;
- Management of the work of junior staff, to include training and supervision of delivery by junior colleagues of their work:
- Provision of legal training to staff across other teams;
- Development (with other team members) of appropriate responses by the Commission in relation to the vindication of equality and human rights;
- Making presentations concerning the work at appropriate public fora;
- Efficient office management and record keeping; and
- Effective team working with teams across the organization.
The areas outlined in this job role should not be regarded as comprehensive in scope and may be added to or altered as required, in line with the requirements of the Commission.
Application and further information
For further information and to apply for this role visit https://osborne.ie/ihrec-employment-opportunities/ or see attachments below:
- Application Form
- Candidate Information Booklet
Applications should be submitted via email and must include:
- A completed Application Form outlining why you wish to be considered for the post and how your skills and experience meet the requirements for the position
Only applications fully submitted will be accepted into the campaign.
To apply for this role candidates must submit the relevant, signed and completed application form to ihrec@osborne.ie
Deadline for application: Please note latest receipt for applications is Thursday 1st February 2024 at 1pm. Incomplete applications, postal applications or CV’s will not be accepted. Any applications received after the closing date and time will not be considered. Please note that applications for this role are now closed.
An acknowledgement email will be issued for all applications received. If you do not receive acknowledgement of your application within two working days of submission, please contact Osborne Recruitment at ihrec@osborne.ie to ensure your application has been received.
No enquiries or canvassing should be made directly to IHREC.
The Irish Human Rights and Equality Commission is an equal opportunity employer and welcomes applications from people from diverse backgrounds and from under-represented groups including ethnic minorities and people with disabilities.
Ardoifigeach Feidhmiúcháin
An Eagraíocht
Is éard is Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ann ná an institiúid náisiúnta atá freagrach as cearta an duine agus comhionannas. Bunaíodh é i Samhain 2014 faoi Acht Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, agus an sainordú seo a leanas aige:
- Cearta an duine agus comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn,
- Forbairt cultúir a spreagadh ina léireofar meas ar chearta daonna, ar chomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha sa Stát,
- Tuiscint agus feasacht a chothú maidir leis an tábhacht a bhaineann le cearta daonna agus comhionannas sa Stát,
- An dea-chleachtas a spreagadh ó thaobh caidreamh idirchultúrtha de, caoinfhulaingt agus glacadh le hilchineálacht a chur chun cinn sa Stát, mar aon le meas ar shaoirse agus dhínit gach aon duine, agus
- Oibriú ar mhaithe le deireadh a chur le treascairtí ar chearta an duine, idirdhealú agus iompar coiscthe.
Tá IHREC ag lorg duine atá cáilithe agus tiomanta go hiomchuí chun tabhairt faoi ról an Ardoifigigh Fheidhmiúcháin (HEO) a oibreoidh mar Oifigeach Dlí faoi stiúir Príomhoifigeach Cúnta.
Beidh an t-iarrthóir a bheidh ag obair san Fhoireann Dlí freagrach as ualach cásanna a thagann chun cinn a bhainistiú, lena n-áirítear cásobair a bhaineann le cliaint phríobháideacha a fhaigheann cúnamh dlíthiúil faoi alt 40 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014 (‘Acht IHREC’). Ina theannta sin, beidh coimre dlíthíochta agus forfheidhmithe ag an iarrthóir thar ceann an Choimisiúin, ar féidir a áireamh inti, mar shampla, amicus curiae, athbhreithnithe comhionannais agus pleananna gníomhaíochta, agus obair chomhairleach srl.
Tacóidh an t-iarrthóir le soláthar faisnéise ginearálta ar dhlí chearta an duine agus an chomhionannais agus beidh sé/sí mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach a shanntar don obair seo agus d’fhéadfadh foireann tacaíochta riaracháin a bheith aige/aici ag tuairisciú dó/di.
Féadfar HEOanna atá ag obair mar Oifigigh Dlí a shannadh d’fhoirne eile de réir mar is cuí.
Príomhfhreagrachtaí: –
- Measúnú ar iarratais chuig an gCoimisiún ar chúnamh dlíthiúil
- Faisnéis a sholáthar maidir le hachtacháin chomhionannais agus chearta an duine dodhaoine aonair, de réir mar is gá;
- Tacaíocht do na haturnaetha sinsearacha sa Choimisiún;
- Ualach cáis dlíthíochta a reáchtáil go héifeachtúil agus go tráthúil thar ceann an Choimisiúin, de réir mar a shanntar é, lena n-áirítear amicus curiae;
- Ionadaíocht dhlíthiúil a dhéanamh do chliaint, atá ag fáil cúnaimh dhlíthiúil de bhun alt 40 d’Acht IHREC, os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (‘WRC’), na Cúirte Oibreachais, na Cúirte Dúiche, na Cúirte Cuarda agus na nUaschúirteanna, de réir mar is gá;
- Mionteagasc d’Abhcóide de réir mar is cuí;
- Cabhrú le hullmhúchán páipéir bheartais, lena n-áirítear anailís agus tuairimí ar thograí reachtacha an Rialtais, de réir mar is gá;
- Obair a dhéanamh a bhaineann le feidhmeanna comhlíonta agus forfheidhmithe an Choimisiúin – lena náirítear Athbhreithnithe Comhionannais agus Pleananna Gníomhaíochta, Dualgas na hEarnála Poiblí, Fiosrúcháin – chomh maith le hionadaíocht a dhéanamh ar an gCoimisiún sa WRC/sa Chúirt Oibreachais agus sna cúirteanna, de réir mar is gá;
- Obair na foirne sóisearaí a bhainistiú, lena n-áirítear oiliúint agus maoirseacht ar sheachadadh ag comhghleacaithe sóisearacha ar a gcuid oibre:
- Oiliúint dhlíthiúil a chur ar fáil don fhoireann ar fud foirne eile;
- Forbairt (le baill foirne eile) ar fhreagraí iomchuí ón gCoimisiún i ndáil le comhionannas agus cearta an duine a fhírinniú;
- Cur i láthair a dhéanamh maidir leis an saothar ag fóraim phoiblí iomchuí;
- Bainistíocht éifeachtúil oifige agus coimeád taifead; agus
- Foireann éifeachtach ag obair le foirne ar fud na heagraíochta.
Níor cheart na freagrachtaí thuas luaite a mheas mar liosta cuimsitheach agus féadfar go gcuirfear leo nó go n-athrófaí iad de réir mar is gá, i gcomhréir le ceanglais IHREC.
Iarratas agus tuilleadh eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh ar an ról seo tabhair cuairt ar https://osborne.ie/ihrec-employment-opportunities/ nó féach ceangaltáin thíos:
- Foirm Iarratais
- Leabhrán Fisnéise d’Iarrthóirí
Ba cheart iarratais a chur isteach ar líne agus caithfear a áireamh leo:
- Foirm Iarratais ina míníonn tú cén fáth ar chóir d’iarratas a chur san áireamh don phost seo agus cén chaoi a gcomhlíonann do chuid scileanna agus taithí na riachtanais don phost
Ní ghlacfar isteach san fheachtas ach amháin le hiarratais a chuirtear isteach go hiomlán ar líne
Le cur isteach ar an ról seo, caithfear iarrthóirí an fhoirm iarratais ábhartha a chomhlánú, a shíniú agus a sheoladh chuig ihrec@osborne.ie
Dáta Deiridh
Spriocdháta d’iarratais: Tabhair faoi deara, le do thoil, gurb é Déardaoin an 1 Feabhra 2024 ar 1pm an dáta deiridh. an t-am is déanaí a ghlacfar le hiarratais. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána, iarratais phoist ná CV-anna. Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis an dáta agus an ama dheiridh.
Eiseofar ríomhphost admhála le haghaidh gach iarratais a sheoltar isteach. Mura bhfuil admháil faighte agat ar d’iarratas laistigh de dhá lá ó sheol tú é, bí i dteagmháil le Foireann Earcaíochta Osborne i ríomhphost chuig ihrec@osborne.ie lena chinntiú go bhfuarthas d’iarratas.
Níor cheart aon fhiosrúcháin ná canbhasáil a dhéanamh go díreach le IHREC.
Is fostóir comhdheiseanna é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla agus ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht lena n-áirítear mionlach eitneach agus daoine faoi mhíchumas.