Osborne are delighted to be partnering with the Irish Human Rights and Equality Commission in the recruitment of a dynamic individuals for the roles of
a Research & Data Policy Officer, a Disability Policy Officer, and an Artificial Intelligence Officer.
To find out more information or to apply, please follow the following links for each role:
The Organisation
The Irish Human Rights and Equality Commission (IHREC) is Ireland’s national human rights and equality institution. It was established in November 2014 under the Irish Human Rights and Equality Commission Act 2014 with a statutory mandate to:
- Protect and promote human rights and equality.
- Encourage the development of a culture of respect for human rights, equality, and intercultural understanding in the State.
- Promote understanding and awareness of the importance of human rights and equality in the State.
- Encourage good practice in intercultural relations, promote tolerance and acceptance of diversity in the State and respect for the freedom and dignity of each person, and,
- Work towards the elimination of human rights abuses, discrimination and prohibited conduct.
IHREC’s strategy and policy is determined independently by the fifteen members of the Commission who are appointed by the Head of State, President Michael D. Higgins. The diverse membership of the Commission broadly reflects the nature of Irish society.
The Director of the Commission is responsible for the leadership and management of staff and the work of IHREC in accordance with the strategy and policies of the Commission. The staff of the Commission currently work in six teams: Policy & Research, Strategic Engagement, Legal, Monitoring & Compliance, Corporate Services and Office of the Director. Permanent staff of the Commission are civil servants in the service of the State.
IHREC’s work ranges from operating at the policy level to review the effectiveness of human rights and equality law, policy and practice in the State and within public bodies, protecting and promoting human rights and equality within the courts system, and working with communities and civil society to monitor and report on people’s real-life experiences of human rights and equality in practice. Whether addressing individual concerns, engaging with government or public bodies on policy and practice issues or raising awareness with public audiences on human rights and equality, our mission is to build a just and inclusive society that protects and promotes human rights and equality in Ireland.
Closing Date
Deadline for application: Please note latest receipt for applications is Wednesday 3rd June 2026 at 1pm. Incomplete applications, postal applications or CV’s will not be accepted. Any applications received after the closing date and time will not be considered.
An acknowledgement email will be issued for all applications received. If you do not receive acknowledgement of your application within two working days of submission, please contact Osborne Recruitment at ihrec@osborne.ie to ensure your application has been received.
No enquiries or canvassing should be made directly to IHREC.
The Irish Human Rights and Equality Commission is an equal opportunities employer and welcomes applications from people from diverse backgrounds and under-represented groups including ethnic minority and people with disabilities.
An Eagraíocht
Is éard is Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (CÉCDC) ann ná an institiúid náisiúnta atá freagrach as cearta an duine agus comhionannas. Bunaíodh é i mí na Samhna 2014 faoi Acht Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, agus an sainordú seo a leanas aige:
- Cearta an duine agus comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn.
- Forbairt cultúir a spreagadh ina léireofar meas ar chearta an duine, ar chomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha sa Stát.
- Tuiscint agus feasacht a chothú maidir leis an tábhacht a bhaineann le cearta an duine agus comhionannas sa Stát.
- An dea-chleachtas a spreagadh ó thaobh caidreamh idirchultúrtha de, caoinfhulaingt agus glacadh le hilchineálacht a chur chun cinn sa Stát, mar aon le meas ar shaoirse agus ar dhínit gach aon duine, agus,
- Oibriú ar mhaithe le deireadh a chur le treascairtí ar chearta an duine, idirdhealú agus iompar coiscthe.
Is iad comhaltaí an Choimisiúin, arna gceapadh ag an gCeann Stáit, an tUachtarán Catherine Connolly, a chinneann straitéis agus beartas CÉCDC ar bhonn neamhspleách. Is léiriú maith ar chineál na sochaí in Éirinn í comhaltacht éagsúil an Choimisiúin.
Tá ár gcuid oibre idir oibriú ar leibhéal an bheartais agus athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht dhlí, bheartas agus chleachtas chearta an duine agus an chomhionannais sa Stát agus laistigh de chomhlachtaí poiblí, agus oibriú le pobail agus leis an tsochaí shibhialta chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar thaithí fhíorshaoil daoine ar chearta an duine agus ar chomhionannas i gcleachtas. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar ábhar imní an duine aonair, i mbun plé leis an rialtas nó le comhlachtaí poiblí ar shaincheisteanna beartais agus cleachtais nó ag méadú feasachta i measc an phobail ar chearta an duine agus ar an gcomhionannas, is é an misean atá romhainn sochaí chothrom chuimsitheach a thógáil a chosnaíonn cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn agus a dhéanann iad a chur chun cinn.
Tá Stiúrthóir an Choimisiúin freagrach as ceannasaíocht agus as bainistiú na foirne i soláthar obair CÉCDC de réir straitéis agus bheartais an Choimisiúin. Oibríonn foireann an Choimisiúin i sé fhoireann faoi láthair: Beartas agus Taighde, Rannpháirtíocht Straitéiseach, Dlí, Faireachán agus Comhlíonadh, Seirbhísí Corparáideacha agus Oifig an Stiúrthóra. Státseirbhísigh ar fónamh sa Stát is ea foireann bhuan an Choimisiúin.
Dáta Deiridh
Spriocdháta d’iarratais: Tabhair faoi deara, le do thoil, gurb é Dé Céadaoin, an 3 Meitheamh 2026 ag 1.00 i.n an t-am is déanaí a ghlacfar le hiarratais. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána, iarratais phoist ná CV-anna. Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis an dáta agus an ama dheiridh.
Eiseofar ríomhphost admhála le haghaidh gach iarratais a sheoltar isteach. Mura bhfuil admháil faighte agat ar d’iarratas laistigh de dhá lá ó sheol tú é, bí i dteagmháil le Foireann Earcaíochta Osborne i ríomhphost chuig ihrec@osborne.ie lena chinntiú go bhfuarthas d’iarratas.
Níor cheart aon fhiosrúcháin ná canbhasáil a dhéanamh go díreach le IHREC.
Is fostóir comhdheiseanna é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla agus ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht lena n-áirítear mionlach eitneach agus daoine faoi mhíchumas.
