Applications for this competition are now closed
Osborne are delighted to be partnering with the Irish Human Rights and Equality Commission in the recruitment of a Higher Legal Executive. For details of the position and information on how to apply please see details below.
The Organisation
The Irish Human Rights and Equality Commission (IHREC) is Ireland’s national human rights and equality institution. It was established in November 2014 under the Irish Human Rights and Equality Commission Act 2014 with a statutory mandate to:
- Protect and promote human rights and equality.
- Encourage the development of a culture of respect for human rights, equality, and intercultural understanding in the State.
- Promote understanding and awareness of the importance of human rights and equality in the State.
- Encourage good practice in intercultural relations, promote tolerance and acceptance of diversity in the State and respect for the freedom and dignity of each person, and,
- Work towards the elimination of human rights abuses, discrimination and prohibited conduct.
The Commission is now seeking a suitably qualified and committed individual to take up the role of Higher Legal Executive.
There is one vacancy at present which will be used to fill IHREC’s Your Rights Information Service Manager position. Your Rights is part of the Legal Team but it is not a part of the Commission’s legal practice. However, any candidate panelled may be assigned to other HLE duties within IHREC.
Responsibilities:
The primary responsibilities for the Your Rights Information Service Manager position will include:
- To be responsible for the day to day management of Your Rights;
- To develop and manage innovative processes for the provision of quality information on rights to the public in various formats;
- Leading and motivating a team of staff, to ensure they provide a quality service;
- Assisting in the management, training, development and appraisal of staff;
- Developing and updating information on rights made available to the public, conducting related research, devising policies and practices for delivery of the service; identifying business needs and customer trends, developing innovative knowledge-based solutions;
- Developing standard operating procedures to ensure the consistent delivery of service to the public, and to the Commission;
- Identifying business needs and requirements for Your Rights; working closely with stakeholders to develop and maintain knowledge management systems, including the selection and integration of technology-based solutions;
- Handling complex and sensitive enquiries;
- Developing and operating appropriate systems for the monitoring of services to the public and related reporting metrics;
- Attending meetings and providing reports and submissions as required; and
- Undertaking such other duties as may be assigned.
Other potential Higher Legal Executive duties may be assigned to include some/all of the following, this is not an exhaustive list:
- Managing and supervising the use of standard operating procedures, including Lexcel and Keyhouse, within the Legal Department;
- Ongoing review and improvement of business processes to ensure maximum efficiency;
- Engagement with external stakeholders, including clients, counsel, the Court Service etc.
- Production of periodic reports for the Commission’s information on matters relating to its mandate; and
- Arranging the delivery of support to litigation teams some of which may include
- Ensuring preparation of papers for litigation before the superior courts and WRC;
- Arranging and delivering support to solicitors at hearings, where necessary;
- Ensuring delivery of assistance to the solicitors in the assessment of applications for legal assistance (advice and/or representation) by members of the public (section 40 IHREC Act 2014); and
- Arranging for / delivery of preliminary research on cases and queries (e.g. Justis, Westlaw, HUDOC etc.)
The responsibilities outlined in this job description should not be regarded as comprehensive in scope and may be added to or altered as required, in line with the requirements of the Commission.
Application and further information
*Download the Application Form Here*
*Download the Information Booklet Here*
Applications should be submitted via email and must include:
- A completed Application Form outlining why you wish to be considered for the post and how your skills and experience meet the requirements for the position
Only applications fully submitted will be accepted into the campaign.
To apply for this role candidates must submit the relevant, signed and completed application form to [email protected]
Closing Date
Deadline for application: Please note latest receipt for applications is Wednesday 12th April 2023 at 1 pm. Incomplete applications, postal applications or CV’s will not be accepted. Any applications received after the closing date and time will not be considered.
An acknowledgement email will be issued for all applications received. If you do not receive acknowledgement of your application within two working days of submission, please contact Osborne Recruitment at [email protected] to ensure your application has been received.
No enquiries or canvassing should be made directly to IHREC.
The Irish Human Rights and Equality Commission is an equal opportunities employer and welcomes applications from people from diverse backgrounds and under-represented groups including ethnic minority and people with disabilities.
Tá ríméad ar Osborne dul i gcomhpháirtíocht le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas chun Ardfheidhmeannach Dlí a earcú. Chun sonraí a fháil faoin suíomh agus eolas ar conas iarratas a dhéanamh, féach na sonraí thíos.
CÚLRA
Is éard is Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ann ná an institiúid náisiúnta atá freagrach as cearta an duine agus comhionannas. Bunaíodh é i Samhain 2014 faoi Acht Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, agus an sainordú seo a leanas aige:
- Cearta an duine agus comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn,
- Forbairt cultúir a spreagadh ina léireofar meas ar chearta daonna, ar chomhionannas agus ar thuiscint
- idirchultúrtha sa Stát,
- Tuiscint agus feasacht a chothú maidir leis an tábhacht a bhaineann le cearta daonna agus comhionannas
- sa Stát,
- An dea-chleachtas a spreagadh ó thaobh caidreamh idirchultúrtha de, caoinfhulaingt agus glacadh le
- hilchineálacht a chur chun cinn sa Stát, mar aon le meas ar shaoirse agus dhínit gach aon duine, agus
- Oibriú ar mhaithe le deireadh a chur le treascairtí ar chearta an duine, idirdhealú agus iompar coiscthe.
Lorgaíonn an Coimisiún anois duine a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha bainte amach acu agus atá tiomanta chun glacadh le ról Ardfheidhmeannach Dlí.
Tá folúntas amháin ann faoi láthair a úsáidfear le post Bainisteoir Seirbhíse Faisnéise Do Chearta CÉCDC a líonadh. Tá Do Chearta (Your Rights) mar chuid den Fhoireann Dlí ach ní cuid de chleachtas dlí an Choimisiúin é. Is féidir aon iarrthóir a chuirtear ar an bpainéal a shannadh do dhualgais eile AFD laistigh de CÉCDC, áfach.
Freagrachtaí:
Áireofar leis na bunfhreagrachtaí maidir le post an Bhainisteora Seirbhíse Do Chearta an méid seo a leanas:
- Bheith freagrach as bainistíocht laethúil ar Do Chearta;
- Próisis nuálacha a fhorbairt agus a bhainistiú chun faisnéis ardchaighdeáin a sholáthar ar chearta don phobal i bhformáidí éagsúla;
- Foireann a stiúradh agus a spreagadh lena chinntiú go gcuireann siad seirbhís ardchaighdeáin ar fáil;
- Cabhrú le bainistiú, oiliúint, forbairt agus breithmheas foirne;
- Faisnéis ar chearta a chuirtear ar fáil don phobal a fhorbairt agus a nuashonrú, tabhairt faoi thaighde gaolmhar, beartais agus cleachtais a cheapadh chun an tseirbhís a sholáthar; riachtanais ghnó agus treochtaí custaiméara a shainaithint, réitigh nuálacha eolasbhunaithe a fhorbairt;
- Buan-nósanna imeachta oibriúcháin a fhorbairt lena chinntiú go soláthraítear an tseirbhís go comhsheasmhach don phobal, agus don Choimisiún;
- Riachtanais ghnó a shainaithint do Do Chearta; oibriú go dlúth le páirtithe leasmhara chun córais bhainistíochta eolais a fhorbairt agus a chothabháil, roghnú agus comhtháthú réiteach teicneolaíochtbhunaithe san áireamh;
- Fiosrúcháin chasta agus íogaire a láimhseáil;
- Córais chuí a fhorbairt agus a oibriú chun monatóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí don phobal agus méadracht ghaolmhar tuairiscithe;
- Freastal ar chruinnithe agus tuarascálacha agus aighneachtaí a sholáthar, faoi mar a theastaíonn; agus
- Tabhairt faoi aon dualgais eile a d’fhéadfaí a shannadh.
Is féidir dualgais eile fhéideartha Ardfheidhmeannach Dlí a shannadh, roinnt den mhéid seo a leanas ina measc nó cuid díobh agus ní liosta críochnaitheach é seo:
- Bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as buan-nósanna imeachta oibriúcháin, Lexcel agus Keyhouse ina measc, laistigh den Roinn Dlí;
- Athbhreithniú agus feabhsú leanúnach a dhéanamh ar phróisis ghnó le héifeachtúlacht uasta a chinntiú;
- Idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara, cliaint, abhcóidí, an tSeirbhís Chúirteanna etc. ina measc.
- Tuarascálacha tréimhsiúla a chur le chéile ar mhaithe le heolas a sholáthar don Choimisiún ar cheisteanna a bhaineann lena shainordú; agus
- Soláthar tacaíochta a eagrú d’fhoirne dlíthíochta, ar féidir a áireamh le roinnt díobh:
- A chinntiú go n-ullmhaítear páipéir do dhlíthíocht a chuirfear faoi bhráid na n-uaschúirteanna agus an CCÁO;
- Tacaíocht a eagrú agus a sholáthar d’aturnaetha ag éisteachtaí, nuair is gá;
- A chinntiú go soláthraítear cúnamh do na haturnaetha nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar iarratais ar chúnamh dlíthiúil (comhairle agus/nó ionadaíocht) a dhéanann baill den phobal (Alt 40 d’Acht CÉCDC 2014); agus
- Réamhthaighde a shocrú / a sholáthar ar chásanna agus ceisteanna (e.g.. Justis, Westlaw, HUDOC etc.)
Níor cheart a mheas go bhfuil na freagrachtaí a dtugtar cuntas orthu sa sainchuntas poist seo cuimsitheach i dtaobh scóipe agus is féidir cur leo nó iad a athrú, faoi mar a theastaíonn, ar aon dul le riachtanais an Choimisiúin.
Iarratas agus tuilleadh eolais
*Foirm Iarratais*
*Leabhrán Faisnéise D’iarrthóirí*
Ba cheart iarratais a chur isteach ar líne agus caithfear a áireamh leo:
- Foirm Iarratais ina míníonn tú cén fáth ar chóir d’iarratas a chur san áireamh don phost seo agus cén chaoi a gcomhlíonann do chuid scileanna agus taithí na riachtanais don phost
Ní ghlacfar isteach san fheachtas ach amháin le hiarratais a chuirtear isteach go hiomlán ar líne
Le cur isteach ar an ról seo, caithfear iarrthóirí an fhoirm iarratais ábhartha a chomhlánú, a shíniú agus a sheoladh chuig [email protected]
Dáta Deiridh
Spriocdháta d’iarratais: Tabhair faoi deara, le do thoil, gurb é Céadaoin, an 12 Aibreán 2023 ag 1.00 i.n. an t-am is déanaí a ghlacfar le hiarratais. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána, iarratais phoist ná CV-anna. Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis an dáta agus an ama dheiridh.
Eiseofar ríomhphost admhála le haghaidh gach iarratais a sheoltar isteach. Mura bhfuil admháil faighte agat ar d’iarratas laistigh de dhá lá ó sheol tú é, bí i dteagmháil le Foireann Earcaíochta Osborne i ríomhphost chuig [email protected] lena chinntiú go bhfuarthas d’iarratas.
Níor cheart aon fhiosrúcháin ná canbhasáil a dhéanamh go díreach le IHREC.
Is fostóir comhdheiseanna é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla agus ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht lena n-áirítear mionlach eitneach agus daoine faoi mhíchumas.