Department of Enterprise, Tourism & Employment - Employment Opportunities - Osborne

Oifigigh Bheartais don Uachtaránacht (Leibhéal Oifigigh Riaracháin)

 

Tá áthas ar Osborne bheith i bpáirt leis an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta chun Oifigigh Bheartais don Uachtaránacht – Sealadach (Leibhéal Oifigigh Riaracháin) a earcú. Chun sonraí faoin bpost seo agus eolas maidir le conas iarratas a dhéanamh, féach na sonraí thíos:

 

Conas iarratas a dhéanamh: 

Chun iarratas a dhéanamh ar an ról seo, ní mór d’iarrthóirí an fhoirm iarratais ábhartha, sínithe agus comhlánaithe a chur isteach chuig dete@osborne.ie tráth nach déanaí ná Dé hAoine, an 16 Eanáir 2026 ag 12 i.n.

Anseo thíos tá an leabhrán eolais agus an fhoirm iarratais. Ní mór do gach páirtí leasmhar an fhoirm iarratais ábhartha a chomhlánú agus a chur isteach chuig dete@osborne.ie . Ní dhéanfar ach iarrthóirí a chomhlánaíonn na foirmeacha iarratais a mheas laistigh de shainchúram an chomórtais seo.

 

Oifigigh Bheartais don Uachtaránacht (Leibhéal Oifigigh Riaracháin) – Foirm Iarratais 

 

Oifigigh Bheartais don Uachtaránacht (Leibhéal Oifigigh Riaracháin) – Leabhrán Faisnéise 

 

**Ní ghlacfar le CVanna mar iarratas** 

 

An Eagraíocht 

Tá an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta chun tosaigh maidir le comhairle a thabhairt i leith bheartais an Rialtais um chumas táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú lena gcumasaítear cruthú fostaíochta agus inbhuanaitheacht; agus maidir leis na beartais sin a chur i bhfeidhm. Tá sé de chúram ar an Roinn freisin iomaíocht chóir a chur chun cinn sa mhargadh, agus cosaint agus coimirce á dtabhairt aici do thomhaltóirí agus oibrithe.

Tá an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta ag lorg roinnt Oifigeach Beartais Uachtaránachta (leibhéal Oifigigh Riaracháin) do phoist shealadacha sa tréimhse roimh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus lena linn. Glacfaidh Éire leis an Uachtaránacht sé mhí rothlach ar an 1 Iúil 2026.

Tá sé ríthábhachtach Uachtaránacht rathúil an Aontais Eorpaigh a áirithiú in 2026 do sheasamh, do thionchar agus do cháil na hÉireann san Aontas Eorpach agus chun clár oibre an Aontais a chur chun cinn i bhfianaise chúlra casta geopholaitiúil.

Beidh deis iontach ag na hiarrthóirí rathúla le bheith páirteach i ngach gné d’obair na Roinne, bíodh baint dhíreach acu leis an Uachtaránacht nó i réimsí tosaíochta eile ina gcuirfidh siad cumhdach ar fáil do bhaill foirne a sannadh do dhualgais na hUachtaránachta.

 

Dáta Deiridh/Spriocdháta:

Spriocdháta d’iarratais: Tabhair faoi deara le do thoil gurb é Dé hAoine, an 16 Eanáir 2026 ag 12 i.n. an admháil is déanaí le haghaidh iarratas. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána, le hiarratais phoist nó le CVanna. Ní bhreithneofar aon iarratais a gheofar tar éis an spriocdháta agus an ama.

Eiseofar ríomhphost admhála do gach iarratas a gheofar. Mura bhfaigheann tú admháil ar d’iarratas laistigh de dhá lá oibre tar éis é a chur isteach, déan teagmháil le do thoil le Osborne Recruitment ag dete@osborne.ie chun a chinntiú go bhfuil d’iarratas faighte.

 

Presidency Policy Officers (Administrative Officer Level)

 

Osborne are delighted to be partnering with the Department of Enterprise, Tourism and Employment, in the recruitment for a Presidency Policy Officers – Temporary (Administrative Officer Level). For details of this position and information on how to apply please see details below:

How to apply:
To apply for this role candidates must submit the relevant, signed and completed application form to dete@osborne.ie no later than Friday, 16th January 2026 at 12 noon.

Please find below the information booklet and the application form. All interested parties must complete the relevant application form and submit to dete@osborne.ie  Only candidates who complete the application forms will be considered within the remit of this competition.

 

Presidency Policy Officers (Administrative Officer Level) – Application Form

 

Presidency Policy Officers (Administrative Officer Level) – Information Booklet

 

**CV’s will not be accepted as an application**

 

The Organisation

The Department of Enterprise, Tourism and Employment leads in advising and implementing the Government’s policies of stimulating the productive capacity of the economy and creating an environment which enables employment creation and sustainability. The Department is also charged with promoting fair competition in the marketplace, protecting consumers and safeguarding workers.

The Department of Enterprise, Tourism & Employment is seeking a number of Presidency Policy Officers (Administrative Officer level) for temporary positions in the lead up to, and during, the Irish Presidency of the Council of the European Union. Ireland will assume the rotating six-month Presidency on 1 July 2026.

Ensuring a successful EU Presidency in 2026 is essential for Ireland’s position, influence and reputation in the EU and for advancing the Union’s agenda against a complex geopolitical background.

Successful candidates will have an exciting opportunity to be involved in all aspects of the work of the Department, either directly related to the Presidency or in other priority areas where they will provide cover for staff who have been assigned to Presidency duties.

 

Closing Date/Deadline:

Deadline for applications: Please note latest receipt for applications is strictly Friday, 16th January 2026 at 12 noon. Incomplete applications, postal applications or CV’s will not be accepted. Any applications received after the closing date and time will not be considered.

An acknowledgement email will be issued for all applications received. If you do not receive acknowledgement of your application within two working days of submission, please contact Osborne Recruitment at dete@osborne.ie to ensure your application has been received.